An Biobla Naofa (Gae-Rus)

Source Target
An Cruthú: Бытие, Пятикнижие Моисея
An Chéad Insint 1 глава
1 I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh. 1 В начале сотворил Бог небо и землю.
2 Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n‑uiscí. 2 Земля же была безвидна и пуста, и тьма над бездною, и Дух Божий носился над водою.
3 Dúirt Dia: “Bíodh solas ann,” agus bhí an solas ann. 3 И сказал Бог: да будет свет. И стал свет.
4 Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas. 4 И увидел Бог свет, что он хорош, и отделил Бог свет от тьмы.
5 Thug Dia “lá” ar an solas agus “oíche” ar an dorchadas. 5 И назвал Бог свет днем, а тьму ночью.
Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin. И был вечер, и было утро: день один.
6 Dúirt Dia: “Bíodh firmimint i lár na n‑uiscí agus scaradh sí na huiscí óna chéile.” 6 И сказал Бог: да будет твердь посреди воды, и да отделяет она воду от воды. [И стало так.]
7 Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. 7 И создал Бог твердь, и отделил воду, которая под твердью, от воды, которая над твердью.
Agus bhí sin amhlaidh. И стало так.
8 Thug Dia “neamh” ar an bhfirmimint. 8 И назвал Бог твердь небом.
[И увидел Бог, что это хорошо.]
Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin. И был вечер, и было утро: день второй.
9 Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” 9 И сказал Бог: да соберется вода, которая под небом, в одно место, и да явится суша.
Agus bhí sin amhlaidh. И стало так.
[И собралась вода под небом в свои места, и явилась суша.]
10 Agus thug Dia “tír” ar an talamh tirim, agus “farraigí” ar na huiscí le chéile. 10 И назвал Бог сушу землею, а собрание вод назвал морями.
Chonaic Dia gur mhaith sin. И увидел Бог, что это хорошо.
11 Dúirt Dia: “Tugadh an talamh an fásra uaidh: An lusra lena shíol, an crann toraidh lena shíol ina thoradh, gach ceann de réir a chineáil ar an talamh.” 11 И сказал Бог: да произрастит земля зелень, траву, сеющую семя [по роду и по подобию ее, и] дерево плодовитое, приносящее по роду своему плод, в котором семя его на земле.
Agus bhí sin amhlaidh. И стало так.
12 Thug an talamh an fásra uaidh: lusraí lena síol de réir a gcineáil, crainn toraidh lena síol ina dtoradh, de réir a gcineáil. 12 И произвела земля зелень, траву, сеющую семя по роду [и по подобию] ее, и дерево [плодовитое], приносящее плод, в котором семя его по роду его [на земле].
Chonaic Dia gur mhaith sin. И увидел Бог, что это хорошо.
13 Ba shin an tríú lá, an nóin agus an mhaidin. 13 И был вечер, и было утро: день третий.
14 Dúirt Dia: “Bíodh soilse i bhfirmimint neimhe chun an lá a scaradh ón oíche, agus bídís mar chomharthaí, do shéasúir, do laethe agus do bhlianta. 14 И сказал Бог: да будут светила на тверди небесной [для освещения земли и] для отделения дня от ночи, и для знамений, и времен, и дней, и годов;
15 Bídís ina soilse i bhfirmimint neimhe ag taitneamh ar an talamh.” 15 И да будут они светильниками на тверди небесной, чтобы светить на землю.
Agus bhí sin amhlaidh. И стало так.
16 Rinne Dia dhá sholas mhóra, an solas is mó chun an lá a rialú agus an solas is lú chun an oíche a rialú, agus na réaltaí mar an gcéanna. 16 И создал Бог два светила великие: светило большее, для управления днем, и светило меньшее, для управления ночью, и звезды;
17 Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh, 17 И поставил их Бог на тверди небесной, чтобы светить на землю,
18 chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. 18 и управлять днем и ночью, и отделять свет от тьмы.
Chonaic Dia gur mhaith sin. И увидел Бог, что это хорошо.
19 Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin. 19 И был вечер, и было утро: день четвёртый.
20 Dúirt Dia: “Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.” 20 И сказал Бог: да произведет вода пресмыкающихся, душу живую; и птицы да полетят над землею, по тверди небесной.
[И стало так.]
21 Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n‑uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. 21 И сотворил Бог рыб больших и всякую душу животных пресмыкающихся, которых произвела вода, по роду их, и всякую птицу пернатую по роду ее.
Chonaic Dia gur mhaith sin. И увидел Бог, что это хорошо.
22 Bheannaigh Dia iad á rá: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire, agus líonaigí uiscí na bhfarraigí; agus téadh an éanlaith i líonmhaire ar talamh.” 22 И благословил их Бог, говоря: плодитесь и размножайтесь, и наполняйте воды в морях, и птицы да размножаются на земле.
23 Ba shin an cúigiú lá, an nóin agus an mhaidin. 23 И был вечер, и было утро: день пятый.
24 Dúirt Dia: “Tugadh an talamh uaidh gach uile dhúil bheo de réir a chineáil, eallach, péisteanna agus ainmhithe allta.” 24 И сказал Бог: да произведет земля душу живую по роду ее, скотов, и гадов, и зверей земных по роду их.
Agus bhí sin amhlaidh. И стало так.
25 Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. 25 И создал Бог зверей земных по роду их, и скот по роду его, и всех гадов земных по роду их.
Chonaic Dia gur mhaith sin. И увидел Бог, что это хорошо.
26 Dúirt Dia: “Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.” 26 И сказал Бог: сотворим человека по образу Нашему [и] по подобию Нашему, и да владычествуют они над рыбами морскими, и над птицами небесными, [и над зверями,] и над скотом, и над всею землею, и над всеми гадами, пресмыкающимися по земле.
27 Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é. Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad. 27 И сотворил Бог человека по образу Своему, по образу Божию сотворил его; мужчину и женщину сотворил их.
28 Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.” 28 И благословил их Бог, и сказал им Бог: плодитесь и размножайтесь, и наполняйте землю, и обладайте ею, и владычествуйте над рыбами морскими [и над зверями,] и над птицами небесными, [и над всяким скотом, и над всею землею,] и над всяким животным, пресмыкающимся по земле.
29 Dúirt Dia: “Féach! Thugas daoibh gach uile lus le síol dá bhfuil ar chlár na talún, agus gach uile chrann le síol ina dtoradh; iadsan a bheidh ina mbia agaibh. 29 И сказал Бог: вот, Я дал вам всякую траву, сеющую семя, какая есть на всей земле, и всякое дерево, у которого плод древесный, сеющий семя, – вам сие будет в пищу;
30 Mar bhia ag na hainmhithe allta go léir, ag éanlaith an aeir go léir, agus ag na péisteanna go léir a bhogann ar talamh tugaim glas gach fáis.” 30 А всем зверям земным, и всем птицам небесным, и всякому [гаду,] пресмыкающемуся по земле, в котором душа живая, дал Я всю зелень травную в пищу.
Agus bhí sin amhlaidh. И стало так.
31 Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. 31 И увидел Бог все, что Он создал, и вот, хорошо весьма.
Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin. И был вечер, и было утро: день шестой.